Council invites expression of interest for Seachtain na Gaeilge
9th December 2024
Fermanagh and Omagh District Council is inviting applications from across the district from community, arts, sports, cultural, heritage, linguistic and other groups who are keen to take part in Seachtain na Gaeilge le Energia 2025 by organising a local event or activity.
Seachtain na Gaeilge le Energia is an international celebration of the Irish language through arts, culture and creativity which runs annually from 1-17 March, and sees voluntary and community groups, local authorities, schools, libraries, and music, sports, arts and culture organisations deliver Irish language events and activities in their local areas.
The festival provides an opportunity for everyone to enjoy the Irish language through a programme of entertaining and fun events irrespective of their fluency or previous experience of the language.
Irish is for everyone, Seachtain na Gaeilge le Energia is for everyone – Bain Triail Aisti – Surprise Yourself!
During Seachtain na Gaeilge le Energia 2025, the focus will be on celebrating the Irish Language through local communities, by broadening the approach to the language to include culture, arts and heritage.
To support communities in organising events to celebrate the festival, the Council will offer financial support of £200 per proposal to a maximum of 15 events or activities across the district together with assistance for marketing and publicity.
This event or activity will celebrate a townland, village, town or community’s culture and might be a performance, demonstration, display of work, mini festival, exhibition, talent competition, open mic night or take many other forms. It may be in-person, (subject to the current regulations regarding social distancing and other safety factors) online or a combination of both.
The deadline for submission of applications for next year’s Seachtain na Gaeilge is 5pm on Monday 13 January 2025. Applications are available on www.fermanaghomagh.com
Preasráiteas Seachtain na Gaeilge
Féile idirnáisiúnta ina gceiliúrtar an Ghaeilge trí na healaíona, tríd an chultúr agus tríd an chruthaitheacht is ea Seachtain na Gaeilge le Energia.
Chun Seachtain na Gaeilge le Energia a chomóradh gach bliain, eagraíonn grúpaí deonacha agus pobail, údaráis áitiúla, scoileanna, leabharlanna agus eagraíochtaí ceoil, spóirt, ealaíon agus cultúir imeachtaí agus gníomhaíochtaí a eagrú ina gceantar áitiúil ón 1 Márta go dtí an 17 Márta.
Ag an fhéile, faigheann gach duine – idir chainteoirí líofa, fhoghlaimeoirí agus dhaoine a bhfuil cúpla focal acu – an deis chun taitneamh a bhaint as an Ghaeilge trí chlár imeachtaí siamsúla spraíúla.
Is teanga do chách í an Ghaeilge agus is imeacht do chách í Seachtain na Gaeilge le Energia – Bain Triail Aisti – Surprise Yourself!
Le linn Sheachtain na Gaeilge le Energia 2025, díreoidh muid ar an Ghaeilge a cheiliúradh trí phobail áitiúla, agus cur chuige leathan á ghlacadh againn i leith na teanga chun go gcuimseoidh sí an cultúr, na healaíona agus an oidhreacht. Ba mhaith linn Léirithe Spéise a fháil ó ghrúpaí agus daoine aonair sa cheantar a bhfuil spéis acu in imeacht nó gníomhaíocht áitiúil a eagrú do Sheachtain na Gaeilge le Energia i mbliana. Áirítear leis na grúpaí sin grúpaí pobail, ealaíon, spóirt, cultúir, oidhreachta agus teanga, i measc grúpaí eile.
San imeacht nó sa ghníomhaíocht a eagrófar, ceiliúrfar cultúr an bhaile fearainn, an tsráidbhaile, an bhaile nó an phobail áitiúil. D’fhéadfaí an ceiliúradh a dhéanamh sna foirmeacha seo a leanas, i measc cuid mhór foirmeacha eile: taibhiú, taispeántas, taispeántas saothar, mionfhéile, comórtas tallainne agus oíche micreafóin oscailte.
Féadfar an t-imeacht nó an ghníomhaíocht a dhéanamh i bpearsa (faoi réir na rialachán reatha maidir le scaradh sóisialta agus faoi réir aon tosca sábháilteachta eile) nó ar líne nó i bpearsa agus ar líne araon.
Measann Comhairle Ceantair Fhear Manach agus na hÓmaí go dtacóidh sí le 15 cheann d’imeachtaí nó de ghníomhaíochtaí ar fud an cheantair. Tabharfaidh sí £200 agus cúnamh margaíochta agus poiblíochta do gach togra.
Is é 5pm Luan an 12 Eanáir 2025 an spriocdháta le haghaidh iarratas Seachtain na Gaeilge i mbliana a chur isteach. Is féidir leat iarratas a chur isteach ar www.fermanaghomagh.com
-ENDS-